Anois is féidir síneadh fada a úsáid in ainm idirlín IE

Seolann Blacknight suíomh nua idirlín ag fada.ie, chun cabhrú le daoine ainmneacha le sínte fada a chlárú sa bhfearann IE


Summary
Roimhe seo, ní rabhthas in ann sínte fada a usáid in ainmneacha idirlín sa sa bhfearann IE, fearann náisiúnta na hÉireann. Anois tá próiséas oscailte ag an IE Domain Registry (IEDR), chun an polasaí seo a athrú, de réir a chéile, thar tréimhse ráithe nó mar sin. Tá suíomh eolais dátheangach oscailte ag Blacknight, an príomh-chomhlacht Éireannach d'ainmneacha fearainn, chun cabhrú le daoine leis an bpróiséas seo. Tá sé ar fáil ag an seoladh fada.ie.

Is é an fearann IE, fearann oifigiúil na hÉireann, ach roimhe seo ní raibh aon slí lena bhféadfaí focal le sínte fada, mar a bhíonn sa Ghaeilge, a usáid sa bhfearann sin. Anois, tá próiseás seolta ag an gcomhlacht IE Domain Registry (IEDR) chun an polasaí sin a athrú de réir a chéile, thar tréimhse trí mhí.

Tagann an cinneadh seo i ndiaidh phróiséas comhairliúcháin a bhí ann ar an ábhar seo, in Earrach na bliana seo.

Anois tá suíomh nua idirlín dátheangach oscailte ag Blacknight (blacknight.com), an príomh-chomhlacht Éireannach d'ainmneacha fearainn, chun cabhrú le daoine leis an bpróiséas seo. Tá sé ar fáil ag an seoladh fada.ie.

Mhínigh príomhfheidhmeannach Blacknight, Michele Neylon, go bhfuil an tÉireannachas tabhachtach mar dhlúthchuid d'fhéiniúlacht an chomhlachta, go háirithe agus é ag trádáil thar lear.

"Deinimid gnó go hidirnáisiúnta", a dúirt sé. "Labhartar an Béarla i ngach aon áit mar lingua franca idirnáisiúnta, ach tuigimíd go léir go bhfuil a theanga féin ag gach duine - agus go minic is teanga mhionlaigh nó teanga neamhfhorleathan í an teanga sin".

"Tá an t-iolrachas ag croí-lár an idirlín. Is féidir tacaíocht a thabhairt do gach teanga agus do gach cultúr, gan cur isteach ar theangacha eile. Anseo ag Blacknight, tá iarracht speisialta déanta againn fearainn a chur ar fáil dos na cultúir mhionlaigh ar nós na Catalóinise (.CAT), na Gailísise (.GAL), na Bascaise (.EUS) agus na Breatnaise (.CYMRU). Mar sin, tá áthas ar leith orainn go bhfuil páirt le h-imirt againn i teacht na gcarachtar Gaeilge go dtí an fearann IE."

Tá Blacknight ina bhall de Choiste Comhairleach Polasaí an IEDR, grúpa ionadaithe a bunaíodh in 2014 chun comhairle a thabhairt maidir le hathraithe beartais a bhaineann leis an bhfearann náisiúnta. Bhí ceadú na síntí fada i measc na chéad mholtaí a chuir siad faoi bhráid an IEDR.

Leanfar an nós coitianta do chorais ainmneacha fearainn leis an athrú seo. Mar sin, cuirfear an t-athrú i bhfeidhm céim ar chéim. Tá an tréimhse 'Éirí na Gréine' oscailte faoi láthair agus mairfidh sé go dtí an 21 Meán Fómhair. Le linn na tréimhse sin, is ag úinéirí trádmharcanna amháin a bheidh an cead, iarratas a chur isteach ar ainmneacha IE le sínte fada. Beidh fiainise ag teastáil maidir leis na trádmharcanna sin, agus ní mór dos na trádmharcanna a bheith díreach mar an gcéanna leis na h-ainmneacha a bheidh á iarraidh.

Seolfar an tréimhse 'Landrush' ar an 18 Deireadh Fómhair 2016, agus mairfidh sé 30 lá go dtí an 16 Samhain 2016. Le linn na tréimhse sin, glacfar le h-iarratais ó dhaoine a bhfuil fearainn cláraithe cheana féin acu, ina bhfuil focail Ghaeilge gur cheart go mbeadh sínte fada iontu, ach nach bhfuil. Mar shampla, an té ar leis an t-ainm fogra.ie, beidh ar a chumas iarratas a dhéanamh ar an ainm fógra.ie, le linn na tréimshe seo, más mian leis é.

Is í an chéim dheireanach ná 'Díolachán Ginearálta', agus táthar ag súil go dtosóidh sé ar an 17 Samhain 2016. Aon ainm fearainn le síneadh fada nach mbeidh cláraithe faoin dtráth sin, beidh duine ar bith in ann iarratas a chur isteach air, de réir gnáthrialacha an IEDR.

Tá Blacknight ag glacadh le h-iarratais anois don tréimhse 'Éirí na Gréine' atá ar oscailt faoi láthair, ach freisin is féidir réamh-ordaithe a chur isteach do na tréimhsí eile chomh maith.

Tá an láithreán gréasáin nua ar fáil anois ag fada.ie, le h-eolas agus an nuacht is déanaí maidir leis an dtionscnamh nua, chomh maith le roinnt scéalta faoi úsáid na Gaeilge ar líne.

About Blacknight

Blacknight (http://www.blacknight.com/) are an Irish based, ICANN accredited domain registrar and hosting company. Recipients of several awards for their revolutionary use of social media, Blacknight are one of Europe’s most cutting edge Internet companies. Blacknight constantly seek to lead the way by introducing innovative solutions for its client base and provide dedicated servers and co-location as well as a comprehensive range of Microsoft Windows and Linux based hosting services and domain name registration services to business globally. IP transit services and other solutions for more demanding business and academic customers are offered a la carte. Fibre broadband services for both business and domestic users are also available throughout most of Ireland.

Contact details

Receive Blacknight news on your RSS reader.

Or subscribe through Atom URL manually